Paul Nicholas Gogarty

Overall sentiment: -0.15
Back to Debate

Ní bheadh aon Ghaeltacht ann gan cainteoirí Gaeilge. Ní bheadh aon daoine in áiteanna ar a dtugtar "Gaeltacht" orthu gan tithe. Sin í an fhadhb. Cé go bhfuil níos mó daoine ag foghlaim agus ag labhairt na Gaeilge toisc scoileanna lánGhaeilge i mo Dháilcheantar, mar shampla, agus in áiteanna eile sna cathracha móra agus i mbailte ar fud na tíre - ach amháin sna Gaeltachtaí féin - níl mórán tithe ar fáil sna Gaeltachtaí. Mar a dúradh, aontaíodh 22 togra ar bhonn traspháirtí in 2022 ach tá an Rialtas ag fanacht go dtí 2027 le ráiteas pleanála náisiúnta don Ghaeltacht a fhoilsiú. Tá easpaí againn anois, go háirithe ó thaobh airgid a chur i dtreo na seirbhísí cosúil le huisce mar shampla, agus ní dea-phleanáil é seo. Is mór dúinn níos mó tithe a thógáil agus dreasacht a thabhairt do níos mó daoine le fanacht nó dul chun cónaí sa Ghaeltacht. Mar a dúirt an Teachta Tóibín, tá a lán daoine óga ag iarraidh dul ar ais nó dul go dtí an nGaeltacht. Cad faoi na poist inar féidir le daoine oibriú an chuid is mó den am sna bailte cosúil le Baile Átha Cliath agus i mo Dháilcheantar féin, nó sna hubs? Tá a lán IT poist mar sin ann. Dúirt mé cheana go bhfuil an Rialtas in ann daoine ón Aontas Eorpach nó tíortha eile atá ag obair i réimse na teicneolaíochta faisnéise, IT, a sheoladh chuig na bailte siar ó Bhaile Átha Cliath cosúil le Tullamore, Athlone, an Muileann gCearr agus áiteanna cosúil leo seo. Tá deis againn mar sin oibrithe teicneolaíochta faisnéise Éireannacha a labhraíonn Gaeilge a spreagadh le bogadh chuig an nGaeltacht, más ó na ceantair seo ó dhúchas atá siad nó má tá Gaeilge líofa acu. Tá seans againn dul chun cinn a dhéanamh.

Sentiment score: -0.15