Peadar Tóibín

Overall sentiment: -0.38
Back to Debate

Gabhaim buíochas le Sinn Féin as an mBille tábhachtach seo a thabhairt os comhair na Dála. Is í an Ghaeltacht tobar na Gaeilge agus gan í ní bheidh todhchaí ag an nGaeilge ar chor ar bith i ndáiríre. Má táimid dáiríre faoin nGaeilge, ceann de na chéad rudaí atá tábhachtach ná go mbeadh clann in ann a cuid pháistí a thógáil sa Ghaeltacht. Muna bhfuilimid in ann clann a thógáil sa Ghaeltacht ní bheidh páistí óga ag fás suas le Gaeilge níos mó. Ceann de na rudaí is measa mar gheall ar an nGaeilge ag an mbomaite ná go bhfuil líon na ndaoine atá in ann Gaeilge a labhairt ag titim fós sa Ghaeltacht. Tá sé sin dochreidte agus má leanann sé ar aghaidh, ciallaíonn sé nach mbeidh an Ghaeilge mar theanga phobal sa Ghaeltacht sa todhchaí. Gan teanga phobal, ní bheidh aon saibhreas nó láidreacht sa teanga ar chor ar bith sa todhchaí. Sin an céad rud. An dara rud ná go bhfuil éileamh mór ag teacht ó mhuintir na Gaeltachta, ó dhaoine óga agus ó pháirtnéirí óga a bheith ina cónaí sna háiteanna sin. Tá sé dochreidte. De ghnáth, bíonn an Rialtas agus na meáin cumarsáide sa tír seo ag caint faoi Ghaeilge éigeantach. Ach i ndáiríre, i go leor earnáil, tá Béarla éigeantach ann. Seo daoine óga atá ag iarraidh bheith ina gcónaí sa Ghaeltacht. Tá siad ag iarraidh clann a thógáil sa Ghaeltacht agus tá an Rialtas ag cur bac orthu é sin a dhéanamh. Bhí comhrá agam cúpla uair le Aire na Gaeltachta, an Teachta Calleary, agus dúirt mé leis gur cheart go mbeadh sé in ann tithe a thógáil sa Ghaeltacht agus iad a dhíol le muintir na háite nó iad siúd atá ag iarraidh clann a thógáil le Gaeilge. Tá sé dochreidte gur shéan an Rialtas go dtí seo an rud beag sin a dhéanamh. Níl sé casta. Ní gá go mbeadh plean, ráiteas nó bróisiúr nua ag teacht ón Rialtas. Is gníomh é seo gur féidir leis a dhéanamh. Bhí an tAire ag rá go bhfuil sé ag obair go dian ach is obair gan torthaí atá i gceist i ndáiríre ar an ábhar seo. Aontaím go huile is go hiomlán gur cheart go mbeadh Údarás na Gaeltachta ina údarás tithíochta. Níl suim, taithí ná eolas ag an gcuid is mó de na húdaráis áitiúla ar cad atá ar siúl sa Ghaeltacht agus níl siad dírithe ar thithe nua a thógáil sa Ghaeltacht. Tá an t-eolas agus an saineolas sin ag Údarás na Gaeltachta agus cén fáth nach gcuirfí é sa ról sin? Tá sé chomh simplí agus chomh loighciúil sin. Ba cheart go mbeadh foireann ag an údarás chun an jab sin a dhéanamh agus a bhainistiú. Ba cheart go mbeadh an t-airgead aige freisin chun é sin a dhéanamh. Tá mise i mo chónaí in aice le Ráth Chairn. Tá go leor daoine ó Bhaile Átha Cliath, ó Dhroichead Átha, ón Muileann gCearr, agus An Uaimh ag iarraidh a bheith ina gcónaí i Ráth Chairn chun a gclanna a thógáil le Gaeilge, ach ní féidir leo é sin a dhéanamh. Tá go leor Gaeltachtaí cosúil leis sin thar timpeall na tíre. Tá mé ag smaoineamh ar An Spidéal, ar Bhaile Bhuirne agus ar An Rinn atá in aice le bailte móra. Is slí éasca í seo rud éigin a dhéanamh. Níl aon uaillmhian ag an Rialtas seo. Fiú nuair a bhí Éamon de Valera ann mar cheannaire ar Fhianna Fáil, bhí sé uaillmhianach go leor Gaeltacht a bhunú i gContae na Mí chun cabhrú leis an nGaeilge feidhmiú sa chuid sin den tír. An bhfuil an Teachta Gogarty ag teacht isteach?

Sentiment score: -0.20

Fágfaidh mé ansin é mar sin.

Sentiment score: -0.56