Má tá an Ghaeilge le teacht slán, caithfear na Gaeltachtaí a chaomhnú. Níl aon Ghaeilge gan na Gaeltachtaí mar is iad tobar agus todhchaí na teanga. Tá an méid seo aitheanta ag saineolaithe le fada an lá ach tá na Gaeltachtaí leochaileach agus tá treochtaí trioblóideacha le tabhairt faoi deara. Thit líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa Ghaeltacht ó 21.4% in 2016 go dtí 19.7% in 2022, agus níl ach tuairim is 15% de theaghlaigh Ghaeltachta ag tógáil a gcuid páistí le Gaeilge. Ag éisteacht leis na figiúirí duairce seo, bheadh tú ag déanamh iontais maidir le cén fáth go bhfuil siad chomh híseal. An é nach bhfuil suim ag muintir na Gaeltachta ina dteanga féin a thuilleadh? Ní hé sin é in aon chor. Tá muintir na Gaeltachta tar éis seasamh suas le roinnt blianta anuas le cur in iúl nach féidir leo áit chónaithe a fháil sa Ghaeltacht. Ba mhaith leo a gclainne a thógáil le Gaeilge ach níl an dara rogha acu ach imeacht agus a gceantair dhúchais a fhágáil mar nach féidir leo teach a thógáil, a cheannach nó fiú a fháil ar cíos. Fiú agus tuiscint ag an Rialtas ar an méid seo agus teachtaireacht shoiléir á tabhairt ag leithéidí Tinteán agus BÁNÚ, tá an Rialtas fós sásta suí siar agus ligean don Gaeltachta dul i léig; mo náire é. Níl plean ná fís ag an Rialtas seo chun dul i ngleic leis na fadhbanna córasacha. Níl aon phráinn le brath ón Rialtas. Teastaíonn athrú ón mbarr anuas. Mar shampla, níl aon socrú go fóill maidir le hionad séarachais nua a thógáil ar an gCeathrú Rua. Go dtí go dtiocfar ar réiteach, tá bac ar thithe nua a thógáil. Tá an fhadhb seo ann leis na blianta agus níl aon dul chun cinn déanta. Thuairiscigh The Ditch in 2024 go raibh 100 oiread níos mó lóistín le fáil ar Airbnb i gceantair Ghaeltachta ná mar a bhí ar daft.ie. Tá sé sin scannalach. Seachas polasaí dian a chur i bhfeidhm ionas gur féidir le muintir na Gaeltachta maireachtáil sa Ghaeltacht, tá an Rialtas tar éis maolú a dhéanamh ar na rialacha a bhí beartaithe de bharr brú ó na Healy-Raes. Maidir leis na treoirlínte pleanála, tar éis ceithre bliana de ghealltanais go bhfoilseofaí iad, scrios an tAire an chumhacht a bhí aige ina leith. Níl gníomh ar bith beartaithe go dtí go bhfoilseofar ráiteas pleanála náisiúnta don Ghaeltacht in 2027, in ainneoin na práinne a bhaineann leis an ngéarchéim. Tá an t-uafás céimeanna praiticiúla a d'fhéadfadh an Rialtas a dhéanamh chun Gaeilgeoirí a mhealladh agus a choinneáil sa Ghaeltacht. Tá plean ag Sinn Féin chun soláthar tithíochta a chinntiú do Ghaeilgeoirí, lena gcuimsítear measúnaithe tionchair teanga ar thograí molta; coinníollacha teanga do thithíocht Gaeltachta; aitheantas do phatrún lonnaíochta na Gaeltachta; agus díolúine ón dleachtstampála a thabhairt do dhíolachán an dara tí i gceantar Gaeltachta má dhíoltar é mar theach teaghlaigh do Ghaeilgeoirí. Teastaíonn úinéireacht a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta ar a dtodhchaí trí toghcháin dhaonlathacha a thabhairt ar ais do bhord Údarás na Gaeltachta. Tugadh an gealltanas seo in 2023 ach níl sé curtha i bhfeidhm fós. Iarraim ar an Rialtas, má tá sé dáiríre faoi ghéarchéim tithíochta na Gaeltachta a réiteach, tacú le rún Shinn Féin anocht. Is gá gníomhú air seo.
Sentiment score: -0.04