Ar an gcéad dul síos, gabhaim buíochas le Sinn Féin as ucht an tairiscint seo a tabhairt chun na Dála anocht. Is léir ón méid atá tarlaithe ó thaobh líon na gcainteoirí laethúla sa Ghaeltacht le blianta anuas go bhfuil ag teip go huile is go hiomlán ar an Rialtas lena chuid iarrachtaí deireadh a chur le meath na Gaeltachta. Le gach daonáireamh, tá níos lú cainteoirí laethúla sa Ghaeltacht. Le blianta, tá muid ag caint faoin ghéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht agus an tionchar atá aici ar an teanga. Muna bhfuil an pobal in ann maireachtáil sa Ghaeltacht, is cuma faoi na polasaithe ó thaobh na teanga de. Muna bhfuil cainteoirí laethúla sa Ghaeltacht, níl aon Ghaeltacht ann. Is léir ón méid atá, agus nach bhfuil, tarlaithe le blianta beaga anuas nach bhfuil aon uaillmhian ag an Rialtas dul i ngleic leis an ngéarchéim seo. Bhí muid ag fanacht blianta le haghaidh na dtreoirlínte pleanála, ach tá muid fós ag fanacht leo, nó le haon réiteach ón Rialtas seo. Nuair nach bhfuil ach deich teach sa Ghaeltacht ar fáil ar cíos fadtéarmach agus os cionn 1,000 teach ar fáil le haghaidh turasóirí, is léir go bhfuil teip iomlán pleanála agus polasaithe i gceist. Teastaíonn tithíocht inacmhainne ó mhuintir na Gaeltachta. Is gá le hobair ollmhór ó thaobh séarachais agus pleanála de. Teastaíonn fís don Ghaeltacht ina mbeidh daoine óga ag fás aníos agus ag fanacht sa Ghaeltacht, áit a mbeidh siad in ann tithe a cheannach nó a ghlacadh ar cíos agus clann a thógáil. Tá muid ag brú an phobail a choinníonn an teanga beo amach. Murach muintir na Gaeltachta, ní bheadh aon Ghaeilge ann.
Sentiment score: 0.00