Aengus Ó Snodaigh

Overall sentiment: -0.29
Back to Debate

103. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Oideachais agus Óige na ceantair pleanála scoile sa Stát nach bhfuil meánscoil lánGhaeilge iontu a ainmniú, agus cad iad na bearta i ngach cás acu atá déanta ag a Roinn chun an bearna sin a líonadh [10906/26]

Sentiment score: -0.28

Tá an cheist seo dírithe ar na ceantair pleanála scoile sa Stáit nach bhfuil meánscoil lánGhaeilge iontu agus iad sin a ainmniú, agus ar cad atá ar siúl chun an bearna sin a líonadh agus an t-éileamh atá ann do Ghaelscolaíocht ag an dara leibhéal a shásamh.

Sentiment score: -0.80

Tuigim cad atá á rá ag an Aire agus fáiltím roimh an tascfhórsa, ach amháin go bhfuil sé blianta ró-dhéanach do a lán dóibh siúd atá tar éis teacht tríd an córas Gaeloideachais ag an mbunleibhéal, agus nach raibh aon sholáthar dóibh dul chuig meánscoil trí mheán na Gaeilge. Is é sin an Stát ag loic ar na cearta oideachais agus teanga atá na daltaí sin ar fad. Ní mise atá á rá sin, ach an Coimisinéir Teanga. Dúirt an coimisinéir ag an gcoiste Gaeilge, Gaeltachta agus Pobal Labhartha na Gaeilge in 2024, "Ní léir go bhfuil freastal cóir á dhéanamh, áfach, ar an éileamh ar sholáthar na iarbhunscolaíochta lán-Ghaeilge." Ní leor an méid sin. Ar an liosta de na ceantair nach bhfuil an soláthar sin ar fáil iontu, cé go bhfuil an t-éileamh ann, tá leithéidí Caisleán an Bharraigh, Cill Dhéagláin, Coill na Silíní, Droichead na Bandan, Fionnbhrú, Sord agus Mullach Íde. Is iad sin na háiteanna ina bhfuil breis is 500 dalta ag iarraidh freastal ar Ghaelcholáiste. Is gá obair i bhfad Éireann níos tapúla a dhéanamh ná mar atá i gceist ó thaobh an tascfhórsa de.

Sentiment score: -0.37

Tá léarscáil ansin agus tabharfaidh mé don Aire níos déanaí é. Taispeánann na pointí buí ar an léarscáil na Gaelscoileanna. Tá éileamh ann don oideachas trí Ghaeilge. Níl, nach mór i lár na tíre ar fad, aon mheánscoil lánGhaeilge. Tá éileamh ann. B'fhéidir nach bhfuil sé chomh mór céanna leis an éileamh don Bhéarla, ach ní chiallaíonn sé sin gur chóir don Stát loic ar na cearta atá ag daltaí oideachas a bheith acu trí Ghaeilge. Tá ag teipeadh ar an Stát. Glacaim leis go bhfuil céimeanna chun tosaigh glactha ach, in ainneoin an méid a dúirt an tAire, níl go leor acu. Is gá díriú isteach air sin. Dúirt an tAire ag an tús go bhfuil 314 ceantar pleanála scoile ann. Tá 264 acu sin gan meánscoil trí Ghaeilge. Is léiriú é sin ar an fhadhb bhunúsach atá ann ó thaobh an Stát de. An bhfuil an Roinn chun díriú isteach ar na háiteanna ar luaigh mé ina bhfuil feachtais, tuismitheoirí agus éileamh atá cruthaithe cheana féin?

Sentiment score: -0.17

On a point of order, the Minister cannot put wrong facts on the record. Coláistí Eoin and Iosagáin are bursting at the seams. They are not undersubscribed in any sense. The Department has accepted that.

Sentiment score: 0.16