Tá an tAire agus an Rialtas ag dul sa treo mícheart leis an reachtaíocht seo. Níl siad ach chun tuilleadh praiseach a dhéanamh den chóras cíosanna tithíochta agus cur leis an bhfadhb bhunúsach tithíochta atá sa tír seo. An t-aon leithscéal a bheadh ann as dul sa treo seo ná go bhfuil an tAire dall go hiomlán ar cé chomh dona is atá fadhb na tithíochta faoi láthair agus le blianta anois, agus nach bhfeiceann sé nach bhfuil an Rialtas ach ag cur leis an gcruachás tithíochta. Ní chreidim go bhfuil an tAire dall. Caithfidh go mbíonn sé ag labhairt le gnáthleanúin nach bhfuil d’acmhainn acu cíosanna an lae inniu sa chathair seo, nó lasmuigh den chathair seo, a íoc agus atá ag smaoineamh ar dul ar imirce. B’fhéidir go mbíonn sé ag labhairt leis na hoibrithe atá ag dul in aois a bhfuil cíos breá orthu faoi láthair atá siad in ann a íoc ach nach mbeidh d’acmhainn acu é a íoc a thuilleadh nuair a théann siad ar phinsean. Beidh orthu brath ar an gcóras tithíocht shóisialta atá cheana féin ag cur thar maoil agus gan aon áit dóibh ann. Muna bhfuil an tAire dall, tá sé féin agus an Rialtas ag glacadh an cinneadh seo lena gcuid súile oscailte go hiomlán. Caithfidh go dtuigeann siad an loitiméireacht a bheas mar thoradh ar an mBille seo: cíosanna agus díshealbhuithe ag ardú; liosta dóibh siúd atá gan dídean, páistí ina measc, ag ardú; imirce ag ardú athuair i measc déagóirí; agus iad siúd atá sna 20idí agus iad siúd atá cáilithe ag bánú na tuaithe agus na bailte tuaithe athuair. Cén fáth? Is í sin an cheist. An t-aon loighic a d'fhéadfadh a bheith taobh thiar de seo ná go bhfuil sé á moladh chun cuidiú leis na tiarnaí talún mhóra - na boic mhóra sna cistí baidhbhe, nó b’fhéidir le bheith níos cruinne, na coistí alpairí. Is iad siúd atá ag sú an t-airgead go smior astu siúd atá ag íoc cíosa. Muna bhfuil na rachmasóirí ag tógáil go leor árasáin nó tithe, is í sin an áit ar chóir go mbeadh an Stát ag cur a ladar isteach. Ba cheart don Stát tithe sóisialta a thógáil é féin agus tithe inacmhainne ar cíos nó le céannacht ar phraghas cóir ar chur ar fáil. Má tá na tiarnaí talún ag díol áitribh toisc an brabús a bheith déanta acu nó toisc an price is right agus iad ag dul ar pinsean, ba chóir don Rialtas féachaint ar iad sin a cheannach. Ba chóir don Rialtas an t-airgead ceart a chur ar fáil do na comhairlí contae agus na comhairlí cathracha ionas go mbeidh siad in ann an scéim tenant in situ a úsáid i gceart sna cásanna atá díshealbhú ar tí tarlú do na cíosóirí gan locht. Caithfimid a bheith praiticiúil sa chur chuige atá againn. Caithfimid a bheith radacach chomh maith agus muid ag tabhairt faoin ngéarchéim ina bhfuil an tír seo. Ní seo an leigheas ar an fhadhb atá againn.
Sentiment score: -0.08