22. Deputy Conor D. McGuinness asked the Taoiseach for an update regarding the programme for Government. [8196/26]
Sentiment score: 0.00
De réir anailíse ó thionscadal One Million Homes, atá foilsithe inné, tá easnamh de 12,635 teach sna ceantair Ghaeltachta. Tá pobail Ghaeltachta gan a dhóthain páistí chun scoileanna áitiúla a choinneáil oscailte, gan trácht ar chumainn spóirt a choimeád beo. Ó 2015 i leith, níor tógadh ach 1,250 teach ar fud na Gaeltachta. Ag an ráta sin, léiríonn an anailís chéanna go mbeidh easnamh de thart ar 32,000 teach sa Ghaeltacht faoi 2036. Le deich mbliana anuas, tógadh díreach 36 teach i nGaeltacht na nDéise i bPort Láirge. Tá sin idir trí agus ceithre theach sa bhliain, cé go bhfuil timpeall 550 páiste faoi bhun 18 mbliana d'aois sa cheantar. Mar thoradh air sin, tá clanna óga á mbrú amach as a bpobal féin agus tá an Ghaeilge á cailliúint dá bharr. Is géarchéim pobail agus teangeolaíochta í seo. Tá géarghá le tithe inacmhainne agus sóisialta sna ceantair Ghaeltachta. Mar sin, i bhfianaise na bhfíricí seo, cad go díreach atá an Rialtas chun a dhéanamh anois? An dtarraingeoidh an Taoiseach le chéile go práinneach na hAirí cuí maidir le tithíocht, pleanáil agus an Ghaeltacht chun treoirlínte pleanála Gaeltachta a fhoilsiú gan a thuilleadh moille, agus freagra comhordaithe a chur i bhfeidhm sula mbeidh sé ródhéanach do na pobail thábhachtacha seo?
Sentiment score: -0.23