Aengus Ó Snodaigh

Overall sentiment: -0.23
Back to Debate

Tá sé go maith go bhfuil an deis againn labhairt faoin Bhille ar an gCéim seo. Ar an Dara Céim, bíonn sé tábhachtach cloisteáil go díreach cad atá an tAire ag iarraidh a dhéanamh leis an reachtaíocht. Cheana féin, tá sé tar éis a rá go mbeidh leasuithe ag teacht chun cinn. Tá sé go maith go bhfuil sé sin mar chuid den phróiseas, ach tá sé ait go bhfuil sé ag fógairt leasuithe agus muid díreach ar an gCéim seo. Tá sé go maith go bhfuil sé fós ag plé leis an gcoincheap i gcoitinne agus leis na fadhbanna atá aitheanta ag An Garda Síochána, acu siúd atá gafa le cearta daonna agus ag na daoine sa Seomra seo a bheidh ag ardú ceisteanna ina leith seo. Tá súil agam, nuair a shroicheann muid Céim an Choiste, go mbeidh níos mó leasuithe ag teacht uainn agus ó dhaoine eile le go ndéanfaidh muid cinnte má tá muid ag dul sa treo seo - tá an cuma air go bhfuil - go mbeidh pé reachtaíocht a bheidh againn foirfe, go mbeidh cosaintí ó thaobh cearta daonna de ann, agus nach mbeidh creimeadh a dhéanamh ar na cearta atá ann cheana féin. Tá muid i ndomhan iomlán difriúil ag an stad seo ná mar a bhí 20 nó 50 bliain ó shín. Ní raibh daoine ag smaoineamh ar a leithéid seo, ach amháin na daoine a bhí i roinnt de na tíortha a bhí faoi dheachtóireacht timpeall an domhain. Is ceart go n-úsáideann muid na huirlisí atá ar fáil sa domhan inniu le déanamh cinnte de go mbeidh siad siúd, atá gafa le coiriúlacht nó tar éis ionsaithe a dhéanamh ar an bpobal, gafa agus tógtha os comhair na cúirte. Sa chás sin, caithfear a chinntiú nach mbeimid ag dul sa treo is atá roinnt tíortha timpeall an domhain atá ag úsáid mass surveillance nó global surveillance of the society, áiteanna ina bhfuil an t-eolas sin ar fad á choigilt agus á úsáid de shíor. Feicim go bhfuil forálacha anseo a dhéanann iarracht cosaint a dhéanamh air sin. Impím ar an Aire a chinntiú leis an code of practice atá luaite nach n-úsáidfear ar an dóigh seo é agus, má tá aon tochailt déanta ar na data sets atá ag An Garda Síochána, nó a bhfuil teacht aige orthu, go scriosfar iad chomh luath agus is féidir ina dhiaidh sin, go háirithe nuair nach mbíonn aon toradh ar an tochailt sin. Luaigh an Teachta Carthy roinnt de na ceisteanna a raibh mé chun labhairt fúthu, ach tá ceisteanna eile ann. Cad iad na data sets? Dar ndóigh, tá sé éasca ceann de na cinn móra a aithint a bheidh An Garda Síochána ag úsáid, is é sin, na ceamaraí CCTV atá timpeall na cathrach seo. Níl siad i ngach uile áit, rud atá go maith i slí amháin ionas nach bhfuil muid ag dul síos an bhealaigh sin. Chomh maith leis sin, is iad na bodycams sampla eile den trealamh a bheidh á úsáid. Tá siad á dtriail timpeall na cathrach faoi láthair. Is gnáthnós iad sa phóilíneacht sa 21ú haois. Tá cinn eile nach bhfuil ann, áfach. D’ardaigh mé an cheist seo cúpla uair leis an Aire reatha agus leis an Aire roimhe. Cén fáth nach bhfuil dashcams i ngluaisteáin de chuid An Garda Síochána? Cloistear go rialta go mbíonn An Garda Síochána ag lorg dashcam footage ón phobal, ach níl ceamaraí sna gluaisteáin atá ag an bhfórsa. Go minic, bíonn gardaí ag dul go dtí áiteanna ina bhfuil coireanna ag tarlú nó bíonn siad sa tóir ar dhaoine. Sa chomhthéacs sin, bheadh na ceamaraí sin ina gcosaint do ghardaí agus don phobal i gcoitinne. Arís, deirim sin i comhthéacs ina bhfuiltear ag cloí leis na rialacha ó thaobh an eolais seo a choigilt i gceart le déanamh cinnte nach bhfuil aon seans ann go dtarlódh data breach, cosúil le hOifig an Ombudsman inné ag rá go raibh an cuma air go raibh data breach ann. Tá sé sin ar cheann de na rudaí a mbíonn eagla ar dhaoine faoi, is é sin, go bhfuil an seans ann, má tá aon eagras Stáit nó aon eagras in aon chor ag coigilt na sonraí pearsanta nó íomhánna atá acu, go ndéanfaidh dreamanna, nach bhfuil aon bhaint acu leis an ábhar, iarracht an t-eolas sin a bhailiú agus a úsáid go mí-ionraic. Dá réir, ba chóir dúinn a bheith cinnte nach bhfuil teacht ag an bpobal nó aon duine eile ar a leithéid. Tuigim an fáth a bhfuil muid ag dul sa treo seo agus tá súil agam go mbeidh seans againn leasuithe a chur le linn Chéim an Choiste.

Sentiment score: -0.23